Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Foghlaim ghaolmhar

Tá leanúnachas agus dul chun cinn le sonrú in oideachas amharc ealaíon; tosaíonn sé sa churaclam bunscoile agus cuirtear leis trí shonraíocht Amharc-ealaíne na Sraithe Sóisearaí.

Bunscoil

Tugann na hAmharc-ealaíona i gCuraclam na Bunscoile taithí don fhoghlaimeoir trí dhá shnáithe chomhlántacha, is iad sin Ealaín a dhéanamh agus Breathnú ar ealaín agus freagairt di. Foghlaimíonn an foghlaimeoir san Amharc-ealaín trí na sé shnáithe Líníocht, Péint agus dath, Priontáil, Cré, Tógáil, agus Fabraic agus snáithín. Ceapadh an curaclam ar bhealach a thacaíonn leis an bhfoghlaimeoir chun smaointe, mothúcháin agus eispéiris a iniúchadh, a shoiléiriú agus a chur in iúl. Anuas air sin, bíonn feasacht aeistéitiúil aige, baineann sé taitneamh agus sásamh as an ealaín, agus cabhróidh sé seo leis scileanna, teicnicí agus tuiscint a fhorbairt. Déanann an dalta teagmháil le healaín an domhain, san am atá thart agus san am i láthair, lena gcaithfidh sé smaointeoireacht chruthaitheach, réiteach cruthaitheach fadhbanna agus féinléiriú a úsáid.

An tsraith shóisearach

Tugann Amharc-ealaín na sraithe sóisearaí sraith meon agus cáilíochtaí pearsanta don fhoghlaimeoir mar aon le scileanna agus próisis agus tuiscint aeistéitiúil. Trí rannpháirtíocht phraiticiúil i snáitheanna na healaíne, na ceardaíochta agus an dearaidh, forbróidh an foghlaimeoir féinmhuinín, fiosracht, samhlaíocht agus cruthaitheacht. Forbraíonn sé cumas barántúil san fhíorshaol chun fadhbanna a réiteach de réir mar a bhíonn tascanna ealaíonta agus aeistéitiúla á ndearadh agus á gcur i bhfeidhm aige. Forbróidh sé an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint atá riachtanach chun saothar barántúil a tháirgeadh agus chun dul i ngleic leis. Trína dhéanamh sin, tosóidh sé ag forbairt na litearthachta amhairc, na scileanna criticiúla agus na teanga atá riachtanach le dul i ngleic le samplaí den Amharcstaidéar.

An tsraith shinsearach

Aithnítear sa tsonraíocht seo d’Ealaín na Sraithe Sinsearaí go bhfuil an foghlaimeoir ag éirí níos aibí agus go gcaithfidh a riachtanais oideachais athrú mar gheall air sin. Tugann an Ealaín comhthéacs don scoláire chun réimse leathan scileanna fisiciúla, teicniúla agus meiteachognaíocha a fhorbairt a chabhróidh leis nuair a ghlacfaidh sé freagracht níos mó as a chuid foghlama féin. Cé go dtuigtear nár thug gach foghlaimeoir faoin Amharc-ealaín ag an tsraith shóisearach, aithnítear go raibh taithí aige ar réimse príomhscileanna agus cur chuige a bhí ar fáil dó in ábhair eile. Tá dlúthcheangal ag gach uile ábhar sa tsraith shinsearach leis an Ealaín. Is féidir leas a bhaint as an eolas agus an tuiscint a fhaightear san Ealaín i gcomhar leis an méid sin a fhoghlaimítear i ngach ábhar eile d’fhonn an fhoghlaim iomlán a fheabhsú. Mar shampla, tá na scileanna a bhaineann le breathnú go grinn ar an dúlra agus ar struchtúir nádúrtha agus iad a thuiscint ábhartha don bhitheolaíocht agus don tíreolaíocht; is scil a theastaíonn sa stair an tuiscint uathúil ar fhaisnéis ó fhoinsí príomha a fhaightear tríd an Amharcstaidéar; bíonn an taitneamh agus an scil a bhaineann le hobair nua agus phearsanta a chruthú le brath ag scoláirí an cheoil freisin.

Staidéar breise

Tá an bhunscil de smaointeoireacht chruthaitheach mar bhonn is mar thaca de gach réimse staidéir agus deiseanna gairme sa todhchaí agus ní siúd a bhaineann le saol na healaíne amháin. Forbraíonn an Ealaín cumas an fhoghlaimeora freagairt ar dhúshláin agus ar fhadhbanna, smaoineamh go criticiúil agus go cruthaitheach le feasacht amhairc – is scileanna riachtanacha iad seo uile don todhchaí. Cuirtear ar chumas an fhoghlaimeora a bheith muiníneach agus gairmiúil sa chaoi a ndéanann sé coimeád agus cur i láthair ar smaointe do luchtanna féachana difriúla. Aithníonn fostóirí agus chomhghleacaithe araon na scileanna seo agus tuigeann siad gur féidir iad a úsáid i neart slite beatha taobh amuigh de dhomhan na hEalaíne.

An pobal agus an tsochaí

Trí chomhbhá a fhorbairt le healaíontóir a oibríonn le daoine eile agus atá gníomhach sa tsochaí, faigheann an foghlaimeoir léargas ar riachtanais a phobal féin agus an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint ar na luachanna a chuidíonn leis aghaidh a thabhairt ar a chuid fadhbanna. Beidh sé ar a chumas freagairt a thabhairt i mbealach atá ealaíonta agus tarraingteach go físiúil ach a mbaineann ciall leis chomh maith. Féadfaidh ealaín a bheith pearsanta, ach féadfar í a úsáid mar bhealach le tráchtaireacht shóisialta a dhéanamh freisin chun fadhbanna i sochaí na linne a léiriú. Trína thuiscint agus eolas ar an Amharcstaidéar, foghlaimeoidh an foghlaimeoir faoin léargas a thug ealaíontóirí eile ar a ndomhan agus faoin gcaoi ar ghabh siad miondifríochtaí shochaí a linne féin agus ar chuir siad i láthair a lucht féachana iad le trácht orthu agus do lucht féachana níos deireanaí lena dtuiscint.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.